www.the-twelfth.org.uk/Opinions and attitudes expressed in signed articles are solely those of the contributors and not necessarily those of the publishers. We do not publish personal attacks on individuals or hysterical abuse. Home page Pictures Glenwood Publications Facing reality What's new Contact us Ballynafeigh Archives 2001-2006 |
in gaelige1690 - Bliain na Saoirse EorpaíCeilúrann an "Twelfth"
bua Rí Liam i 1690 nuair a bhuail fórsaí an Phrionsa Oráiste airm a athair céile,
Séamas Stiubhart, ag Cath na Bóinne. Níor
throid teaghlaigh é, áfach, ach pointe casta i stair na hEorpa.
Ba chosantóir seasmhach "Cheart Diaga na Ríthe" é Séamas
VII, ach go háirithe mar a chleachtadh "Rí na Gréine", Louis XIV,
sa Fhrainc é. Ba é Louis deachtóir
críochnaithe na Fraince, agus bhí Séamas ag iarraidh na cumhachtaí deachtóra
féin a bheith aige i Sasain, Albain agus Éirinn.
I Sasain, bhí stair fhada ag an phrionsabal gur cheart do fheisirí
parlamainte a bhí tofa ag an phobal teorainn a chur ar ghníomhartha an Rí
agus cead a bheith acu dlíthe a dhéanamh.
Ní raibh sé foirfe, mar dhaonlathas, ach céim siar ón absalóideachas
a bhí ann. Ní nárbh ionadh,
chuir cuid mhaith daoine in éadan Shéamais.
An toradh a bhí ar an scéal
ná gur chuir Liam an ruaig air; sa eireadh, bualadh ag Cath na Bóinne é.
Nuair a dheachaigh Liam agus Máire i gcoróin, ba chéim ar aghaidh é
do thíortha na Breataine. Cuireadh
críoch le cumhacht thíoránta shaorthoilteanach na Stiubhartach, agus bunaíodh
an Mhonarcacht Bhunreachtúil agus rialtas na parlaiminte (tuigimid anois nach
bhfuil córas na hionadaíochta i bparlaimint fíordhaonlathach fiú).
Mar is eol dúinn uilig, is cuimhin le daoine na cearta teoranta a bhain
an Réabhlóid Ghlórmhar amach fós. Ní
"sectarian coat-trailing exercise" é ceiliúradh bhua Rí Liam.
Is é an "Twelfth" ar an Fheis chultúrtha phobail is mó san
Eoraip. Ceanglaíonn sé Uladh go
dlúth leis an Eoraip maidir le stair agus cultúr.
Tá sé ar na dátaí is tábhachtaí i gcruthú stair na hEorpa - ó ba
1690 bliain na Saoirse Eorpaí. Sin
an fáth ar cheart dúinn dul ar aghaidh ag cuimhneadh uirthi! |
Home page Pictures Glenwood Publications Facing reality What's new Contact us Ballynafeigh Articles Archives 2001-2006 Reviews Images of the Twelfth Feedback What we're about links Copyright © 2000 - 2007 Glenwood Publications. All rights reserved. |